Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl ón gcéad lá de Mhárta go dtí Lá ‘le Pádraig. Is í an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan agus cuirtear an Ghaeilge chun cinn ar fud na cruinne lena linn gach bliain. Tugann an tseachtain seo deis dúinn go léir ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh.
Gach bliain bímid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge anseo i Meánscoil na Toirbhirte agus ní haon eisceacht í an bhliain seo. Glacann na daltaí go léir páirt ghníomhach sna ranganna Gaeilge ó cheann ceann na bliana ach tapaíonn siad an deis a gcuid Gaeilge a thaispeáint agus sult ar leith a bhaint aisti ag an am seo den bhliain. Cé go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag tarlú go fíorúil i mbliana, bhí clár imeachtaí leathan eagraithe sa scoil. Ina measc bhí comórtas póstaer bunaithearseanfhocal,Tráth na gCeist agus comórtas grianghrafadóireachta.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach dalta a ghlac páirt sna comórtais éagsúla agus is cúis áthais dúinn cuid de na hiontrálacha a roinnt libh ag bun an ailt. Beidh torthaí na gcomórtas ag teacht go luath.
Is é téama fhéile na bliana seo ná ‘Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste’. Is é an aidhm atá againn na daltaí ar gach leibhéal a spreagadh chun an teanga dhúchais a úsáid agus a chleachtadh. D’éirigh thar barr linn I mbliana arís a bhuí leis na imeachtaí éagsúla a cuireadh ar fáil agus le fuinneamh agus spiorad ár ndaltaí. Tá dualgas orainn go léir an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú. Mar sin, ar aghaidh linn le chéile ag baint úsáid as an nGaeilge agus ag baint idir thairbhe agus thaitneamh aisti. Ná ligimis an seanfhocal I ndearmad ‘Tír gan teanga, tír gan anam’