Seachtain na Gaeilge I Meánscoil na Toirbhirte 2023

March 20, 2023

Is féile Idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl ón gcéad lá de Mhárta go dtí lá le Pádraig. Is í an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan agus cuirtear an Ghaeilge chun cinn ar fud na cruinne lena linn gach bliain. Tugann an tseachtain seo deis dúinn go léir ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár gcultúr a cheiliúradh.

Gach bliain bímid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge anseo I Meánscoil na Toirbhirte agus ní haon eisceacht í an bhliain seo. Bhí clár imeachtaí leathana eagraithe sa scoil arís I mbliana. Ina measc, bhí Gaeilge 24, Tráth na gCeist, ranganna damhsa, comórtas díospóireachta agus cluichí éagsúla sna ranganna gaeilge.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach dalta a ghlac páirt sna imeachtaí éagsúla agus is cúis áthais dúinn comhghairdeas a rá leis na buaiteoirí ar fad.

Tá dualgas orainn go léir an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú. Mar sin, ar aghaidh linn le chéile ag baint úsáid as an nGaeilge agus ag baint idir thaitneamh agus thairbhe aisti. Ná ligimis an seanfhocal I ndearmad

Beatha teanga í a labhairt